Cad a bheadh i gceist leis an euro digiteach?
Is foirm dhigiteach airgid thirim a bheadh in euro digiteach: modh leictreonach íocaíochta miondíola eisithe againn, an Banc Ceannais Eorpach. Mar sin, bheadh sé ar fáil saor in aisce do gach duine sa limistéar euro, le haghaidh aon íocaíochtaí digiteacha. Tá an euro digiteach á dhearadh le bheith cuimsitheach agus éasca le húsáid, rud lena n‑áiritheofar nach bhfágfar aon duine ar lár.
Sa lá atá inniu ann, níl teacht ag daoine ar airgead a eisítear ón mbanc ceannais i bhfoirm dhigiteach. Inár sochaí atá ag éirí níos digitithe de réir a chéile, bheadh an euro digiteach ar an gcéad chéim eile chun cinn dár n-airgeadra aonair.
Ní cripteashócmhainn eile a bheadh ann
Ní bheadh an euro digiteach ina chripteashócmhainn. Ní thacaíonn institiúid lárnach le cripteashócmhainn agus ní bhainistíonn institiúid lárnach iad, rud a fhágann go bhfuil riosca ag baint leo agus go bhfuil siad éagobhsaí. Níl aon chinnteacht ann go mbeidh tú in ann do chripteashócmhainní a mhalartú le haghaidh airgead tirim nuair a bhíonn gá agat leis.
Ina ionad sin, thacódh an institiúid chéanna a thacaíonn le do chuid airgid - muide, an Banc Ceannais Eorpach, leis an euro digiteach. Agus díreach cosúil le hairgead tirim, bheadh luach a aghaidhluacha i gcónaí aige.