Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Dul chun cinn maidir leis an euro digiteach

Tá tionscadal an euro dhigitigh ag dul ó neart go neart, le tacaíocht pholaitiúil ardleibhéil agus tiomantas comhroinnte ar fud na mBallstát.

Ag tógáil ar an gcéim ullmhúcháin, a bhí ar siúl ó mhí na Samhna 2023 go mí Dheireadh Fómhair 2025, tá dul chun cinn á dhéanamh againn ar an obair theicniúil agus ag tacú leis an bpróiseas reachtach. Má ghlacann reachtóirí an Aontais leis an rialachán i rith 2026, d’fhéadfaí an euro digiteach a eisiúint le linn 2029.

Déanaimid doiciméadú rialta ar dhul chun cinn an tionscadail i dtuarascálacha cuimsitheacha. 

Na nuashonruithe is déanaí

Príomhfhorbairtí an tionscadail

Dréacht-leabhar rialacha don euro digiteach forbartha

Forbraíodh dréacht-leabhar rialacha, le hionchur ón nGrúpa Forbartha Leabhar Rialacha. I leabhar rialacha leagtar amach rialacha, caighdeáin agus nósanna imeachta coiteanna chun a chinntiú go n-oibreodh an euro digiteach go comhsheasmhach ar fud an limistéir euro. Pléitear ann, i measc nithe eile, an chaoi a ndéantar íocaíochtaí sa euro digiteach, an chaoi a gcosnaítear úsáideoirí agus an chaoi a gcinntítear an t-ionchuimsiú.

Conas a forbraíodh an leabhar rialacha
Soláthraithe roghnaithe d’ardán an euro dhigitigh

Roghnaigh muid soláthraithe chun cuidiú le hardán an euro dhigitigh a thógáil. Áirítear leis sin cuideachtaí príobháideacha a roghnaíodh trí thairiscintí poiblí, agus sé bhanc ceannais náisiúnta a tabharfaidh príomhchodanna den chóras. Tá comhaontuithe i bhfeidhm agus cuirfear tús céim ar chéim le haon fhorbairt nó obair oibríochtúil de réir mar a théann obair an tionscadail agus an reachtaíocht chun cinn.

Cé hiad na soláthraithe roghnaithe?
Acmhainneacht nuálaíochta an euro dhigitigh

D’oibrigh muid i gcomhar le rannpháirtithe sa mhargadh ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí chun acmhainneacht nuálaíochta an euro dhigitigh a chíoradh, seirbhísí nua breisluacha a shamhlú, agus fís fhadtéarmach an tionscadail a mhúnlú. Ghlac níos má ná 70 banc, ollscoileanna, teicneolaíochtaí airgeadais, ceannaithe, agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc páirt inár n-ardán nuálaíochta chun íocaíochtaí coinníollacha a thástáil agus deiseanna amach anseo ar fud na n-earnálacha, amhail gluaiseacht agus r-thráchtáil a chíoradh.

Tuilleadh faoin ardán nuálaíochta

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tuarascáil ar dhul chun cinn

Cén chaoi a bhfuil an dul chun cinn ar thionscadal an euro dhigitigh ag dul? Déantar achoimre sa tuarascáil seo ar an dul chun cinn a rinneadh le linn chéim ullmhúcháin an euro dhigitigh ó mhí na Samhna 2023 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2025 agus leagtar amach inti na chéad chéimeanna eile.

Léigh an tuarascáil ar dhul chun cinn an euro dhigitigh ina hiomláine

Do na meáin

Chinn an Chomhairle Rialaithe BCE bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de thionscadal an euro dhigitigh. Rinneadh an cinneadh sin nuair a tugadh an chéim ullmhúcháin chun críche go rathúil, céim a sheol an tEurochóras i mí na Samhna 2023 ina leagadh síos an dúshraith chun euro digiteach a eisiúint.

Léigh an phreaseisiúint

An chaoi ar thángamar anseo: stair thionscadal an euro dhigitigh 

  • Glacadh an chéad chéim de thionscadal an euro dhigitigh i mí Dheireadh Fómhair 2020 le “Tuarascáil BCE maidir leis an euro digiteach”. Scrúdaíodh ann an eisiúint féideartha d’airgeadra digiteach bainc ceannais – an euro digiteach – ag an Eurochóras.
  • Naoi mí ina dhiaidh sin rinne Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh an cinneadh tionscadal an euro dhigitigh a sheoladh. Mhair céim imscrúdaithe an tionscadail ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2023. Bhain sé le staidéar a dhéanamh i ndlúthchomhar le lucht ceaptha beartas an Aontais agus rannpháirtithe sa mhargadh ar roghanna dearaidh agus samhlacha dáileacháin.
  • Bunaithe ar thorthaí na céime seo, seoladh céim an ullmhúcháin i mí na Samhna 2023. Leis an gcéim seo, díríodh ar an dréacht-leabhar rialacha a thabhairt chun críche, soláthraithe d’ardán an euro dhigitigh a roghnú, tástáil agus taighde úsáideoirí a dhéanamh, anailís theicniúil ar ghnéithe deartha a dhoimhniú agus plé a dhéanamh le geallsealbhóirí.

Cad é an chéad chéim eile?

I mí Dheireadh Fómhair 2025, chinn an Chomhairle Rialaithe BCE go leanfadh an tEurochóras leis an ullmhúchán don euro digiteach, agus béim á leagan ar ullmhacht theicniúil a chur chun cinn, rannpháirtíocht le rannpháirtithe sa mhargadh a dhoimhniú agus leanúint de thacú leis an bpróiseas reachtach.

Ní bhreithneofar an cinneadh maidir leis an euro digiteach a eisiúint go dtí céim níos déanaí, nuair a bheidh próiseas reachtach an Aontais Eorpaigh curtha i gcrích.

Gach leathanach sa rannóg seo